Dublin City, County Dublin, Ireland
The Central Bank of Ireland serves the public interest by maintaining monetary and financial stability while ensuring that the financial system operates in the best interests of consumers and the wider economy.
Do you have analytical skills and business acumen that you would like to use for a positive societal impact? If so, we have the job for you. We are seeking energetic and skilled individuals to lead our Conduct Risk Analytics team in the RADAR Division to contribute to the ongoing supervision of retail conduct risk in the Irish Financial Services sector. In particular, we are seeking to enhance our use of risk analytics to drive and support our supervisory strategies.
We currently have a vacancy for a Senior Risk Analyst Team Lead on a contract of indefinite duration in the RADAR Division. This role is aligned with the Bank Professional 2 grade. New entrants will commence on Point 1 of the relevant salary scale; in this case the starting salary will be €90,842.00. Please click here for further information on our salary scales.
The purpose of the role is to lead the design and build out of a new approach to risk analytics for effective conduct supervision in the retail space. This will help evolve how the Central Bank delivers its consumer protection mandate, driving proactive risk-based supervision.
Responsibilities:- Thought leader for conduct risk in relation to retail customers - lead the development of a risk analytics roadmap to deliver supervisory insights for conduct supervisors. This includes leading strategic initiatives across the Bank's supervisory areas, partnering with risk, data and policy teams to drive and evolve our assessment of conduct risk.
- Working with our Conduct Supervision division and firm supervisors, collaboratively develop and maintain the risk analytics aspects of the Central Bank’s retail conduct risk assessment framework including, overseeing its delivery, and planning for the future.
- Implementing new advanced risk analytics methods to aid risk assessment, supporting individual firm or sector specific supervisory analytics projects, and managing the team’s delivery of risk analytics output to supervisors and other key stakeholders.
- Drive innovation and develop expertise via the delivery of advanced analytic projects leveraging on technological solutions to enhance existing techniques utilised in conduct supervision to increase proactivity, capability, speed and scale of supervisory assessments and engagements.
- Work collaboratively within the division with other risk analysis teams and across the Bank’s Supervisory Risk community and Data Operating Model to achieve the annual business plan and the Bank’s strategic deliverables.
- Engage across the wider bank in terms of supervision, policy and risk analysis in enhancing our approach to risk identification in order to prevent and reduce consumer detriment.
- Working through your team, horizontal and vertical Conduct Supervision teams as well as all other relevant parties including policy, be responsible for the direction and creation/scoping of new data source specification and onboarding (collection) and utilise all existing Central Bank and relevant external data applicable to the assessment of conduct risk for retail counterparties to support supervisory decision-making.
- Proactively identify and shape the required enablers (AI, data science/engineering) from a user perspective within the Bank’s One Data Operating Model and help ensure the dependencies affecting delivery are managed.
Requirements:- A minimum of a third level honours degree in statistics, actuarial science, data science/analytics, engineering, economics, finance, or other related professional qualifications.
- Strong stakeholder and leadership experience, with proven ability to build and deliver a roadmap for products/analytics.
- Experienced in delivering innovative cutting-edge analytical approaches with a good understanding of risk analytics/data modelling, risk assessment and measurement and an understanding of retail focused consumer / conduct risk
- Strong knowledge of risk focused data analytics use including domain knowledge of key conduct risk indicators.
- Demonstrated ability to practically combine domain knowledge with analytics knowledge to deliver impactful risk assessments/analytics and manage the team’s analytics portfolio.
- Strong verbal and written communication through demonstrated ability to communicate complex/technical issues effectively to a wide range of stakeholders, including executive levels, and to influence the strategic approach to addressing the issues identified.
- Proven ability to lead analytics teams effectively including working through others in a team of mixed disciplines with strong analytics backgrounds.
- Strong analytical, problem solving, decision making, planning and organisational skills.
- Acting professionally, ethically and with integrity.
We know it's our people who make the Central Bank special and we are focused on creating a diverse, inclusive, fulfilling and progressive work environment. We encourage applications from candidates with different backgrounds, experiences and perspectives as it strengthens us, as individuals and as an organisation. We are committed to positively supporting candidates with disabilities. If we can make any reasonable accommodations for you in the recruitment process in order to give you the opportunity to perform to your best, please email our Disability Inclusion Partner. Any information that you provide will be used only for the purposes of providing relevant support and will have no bearing on how your application will be viewed.
We operate a hybrid working model to balance the flexibility working from home provides with the value our office environments bring to support collaboration and connection with colleagues. Our approach to hybrid working enables colleagues to work from home up to 50% of working days, building on an existing broad range of flexible working policies and practices already in place to support our people achieve the right balance.
Our policies also provide insight into our organisational culture, work environment and working arrangements. Here are some of the key policies (subject to ongoing review and amendment) which may be of interest as you consider a career with us.
The Central Bank pension scheme mirrors the rules of the civil service pension scheme. Therefore if you are in receipt of civil/public service pension, abatement may apply to your current pension. Details of the appropriate pension scheme will be provided upon determination of the appointee’s status.
Application Details:
Closing Date: 24th May
To apply, please complete the application form attached (via the “apply” link).
Before starting your application you will be asked to create a profile with us, this will allow you to track and review your application throughout the process. Click "register" to create a profile and complete the application process.
Once your application has been successfully submitted you will receive an automatic email from us acknowledging receipt. If you do not receive this auto-acknowledgement, please contact Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
The Central Bank of Ireland is an equal opportunities employer.
Freastalaíonn Banc Ceannais na hÉireann ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choimeád ar bun agus trína chinntiú go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne.
An bhfuil scileanna anailíseacha agus an-chloigeann gnó agat? An bhfuil tú ag iarraidh na buanna sin a úsáid ar mhaithe le leas na sochaí? Má tá, seans go bhfuil post cuí againn duit. Tá daoine fuinniúla, oilte á lorg againn chun ár bhfoireann um Anailísíocht Riosca Iompair sa Rannán RADAR a threorú chun rannchuidiú leis an maoirseacht leanúnach ar riosca iompair mhiondíola in earnáil seirbhísí airgeadais na hÉireann. Go háirithe, teastaíonn uainn feabhas a chur ar an úsáid a bhainimid as anailísíocht riosca chun ár straitéisí maoirseachta a chur chun cinn agus chun tacú leo.
Tá folúntas againn faoi láthair do Cheannasaí Sinsearach ar Fhoireann Anailísithe Riosca ar chonradh tréimhse éiginnte sa Rannán RADAR. Tá an ról seo ailínithe le grád Ghairmí Bainc 2. Beidh iontrálaithe nua ag tosú ar Phointe 1 den scála tuarastail ábhartha; sa chás seo is ionann an tuarastal tosaigh agus €90,842.00. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár scálaí tuarastail.
Is é cuspóir an róil seo stiúradh a dhéanamh ar cheapadh agus ar fhorbairt cur chuige nua maidir le hanailísíocht riosca chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar iompar sa réimse miondíola. Cabhróidh sé seo le forbairt a dhéanamh ar an gcaoi ina mbaineann an Banc Ceannais a shainordú amach maidir le cosaint tomhaltóirí, rud a spreagfaidh maoirseacht riosca-bhunaithe réamhghníomach.
Freagrachtaí:- A bheith mar cheannaire smaointeoireachta maidir le riosca iompair do chustaiméirí miondíola – forbairt treochláir don anailísíocht riosca a threorú chun léargas maoirseachta a chur ar fáil do mhaoirseoirí iompair. Áirítear sa mhéid seo, tionscnaimh straitéiseacha a threorú ar fud réimsí maoirseachta an Bhainc, i gcomhar le foirne riosca, sonraí agus beartais chun ár measúnú ar riosca iompair a chur chun cinn agus a fhorbairt.
- I gcomhar leis an Rannán um Maoirseacht ar Iompar agus le maoirseoirí gnólachtaí, gnéithe anailísíochta riosca de chreat measúnaithe riosca iompair an Bhainc Ceannais a fhorbairt agus a chothabháil lena n-áirítear formhaoirsiú a dhéanamh ar sheachadadh an chreata agus pleanáil don todhchaí.
- Ardmhodhanna nua anailísíochta riosca a chur chun feidhme chun cuidiú le measúnú riosca, tacú le tionscadail anailísíochta maoirseachta a bhaineann le gnólachtaí aonair nó le hearnálacha sonracha, agus bainistiú a dhéanamh ar sheachadadh aschuir na hanailísíochta riosca ag an bhfoireann.
- Nuálaíocht a chur chun cinn agus saineolas a fhorbairt trí thionscadal ardanailísíochta a sheachadadh lena mbaintear úsáid as réitigh theicneolaíocha chun feabhas a chur ar theicnící reatha sa mhaoirseacht ar iompar d’fhonn réamhghníomhaíocht, cumas, luas agus scála na measúnuithe agus rannpháirtíochtaí maoirseachta a mhéadú.
- A bheith ag obair i gcomhar le comhghleacaithe sa rannán agus le foirne anailíse riosca eile agus ar fud phobal na Maoirseachta ar Riosca sa Bhanc agus ar fud Shamhail Oibriúcháin Sonraí an Bhainc d’fhonn an plean gnó bliantúil, agus spriocanna straitéiseacha inghnóthaithe an Bhainc, a bhaint amach.
- Rannpháirtíocht a sheoladh ar fud an Bhainc níos leithne i dtéarmaí na maoirseachta, beartais agus anailís riosca chun feabhas a chur ar ár gcur chuige maidir le rioscaí a aithint d’fhonn díobháil do thomhaltóirí a sheachaint agus a laghdú.
- Ag obair i gcomhar le d’fhoireann féin, agus le foirne cothrománacha agus ceartingearacha um Maoirseacht ar Iompar, mar aon leis na páirtithe ábhartha eile go léir, lena n-áirítear beartas, a bheith freagrach as sonraíocht foinsí nua sonraí a threorú agus a chruthú/a scóip a mheas agus as sonraí an Bhainc Ceannais agus sonraí seachtracha is infheidhme maidir le measúnú riosca iompair a ionduchtú (a bhailiú) agus a úsáid i leith contrapháirtithe miondíola chun tacú le cinnteoireacht maoirseachta.
- Cumasóirí riachtanacha ó thaobh an úsáideora (IS, eolaíocht/innealtóireacht sonraí) a aithint agus a mhúnlú go réamhghníomhach laistigh de Shamhail Oibriúcháin Sonraí an Bhainc agus a chinntiú go mbainistítear na spleáchais a dhéanann difear don seachadadh.
Riachtanais:- Céim tríú leibhéal ar a laghad sa staidreamh, san eolaíocht achtúireach, san eolaíocht/anailísíocht sonraí, san innealltóireacht, san eacnamaíocht, san airgeadas, nó cáilíochtaí gairmiúla gaolmhara eile.
- Taithí mhaith ar pháirtithe leasmhara agus ar cheannaireacht, agus cumas cruthaithe ar threochlár maidir le táirgí/anailísíocht a chruthú agus a sheachadadh.
- Taithí ar chur chuige anailíseach nuálach ceannródaíoch a chur ar fáil mar aon le tuiscint mhaith ar anailísíocht riosca/samhaltú sonraí, agus ar mheasúnú agus ar thomhas riosca, agus tuiscint ar riosca miondíola do thomhaltóirí / iompair.
- Eolas maith ar úsáid na hanailísíochta sonraí atá dírithe ar riosca lena n-áirítear eolas fearainn ar phríomhtháscairí riosca iompair.
- Cumas léirithe chun eolas fearainn a chomhcheangal ar bhealach praiticiúil le heolas anailísíochta d’fhonn measúnuithe/anailísíocht riosca ardtionchair a sholáthar agus punann anailísíochta na foirne a bhainistiú.
- Scileanna cumarsáide láidre ó bhéal agus i scríbhinn trí chumas léirithe chun saincheisteanna casta/teicniúla a chur in iúl go héifeachtach do raon leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear ag leibhéil feidhmiúcháin, agus chun tionchar a imirt ar an gcur chuige straitéiseach maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna arna sainaithint.
- Cumas léirithe chun foirne anailísíochta a stiúradh go héifeachtach lena n-áirítear foirne de dhisciplíní meascaithe ina bhfuil cúlraí láidre anailísíochta.
- Scileanna anailíseacha, scileanna réiteach fadhbanna, agus scileanna pleanála agus eagraíochtúla.
- Gníomhú go gairmiúil, go heiticiúil agus go hionraic.
Tuigimid go maith gurb iad ár mbaill foirne bua an Bhainc Ceannais agus táimid tiomanta d’áit oibre ilchineálach, ionchuimsitheach agus forásach a chruthú. Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, agus ó dhaoine a bhfuil taithí éagsúil agus dearcthaí éagsúla acu, toisc go neartóidh sé sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht. Táimid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Más féidir linn aon socruithe réasúnacha a dhéanamh duit chun go mbeidh an deis agat do dhícheall a dhéanamh sa phróiseas earcaíochta, déan teagmháil lenár gComhpháirtí um Ionchuimsiú Daoine faoi Mhíchumas. Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin chun tacaíocht chuí a chur ar fáil duit agus ní bheidh aon tionchar aici ar an gcaoi ina mbreathnófar ar d’iarratas.
Tá samhail um obair chumaisc i bhfeidhm againn chun cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht na cianoibre agus an fiúntas a bhaineann leis an timpeallacht oifige d’fhonn tacú leis an gcomhoibriú agus leis an gceangal idir chomhghleacaithe. Lenár gcur chuige maidir le hobair chumaisc, cumasaítear do chomhghleacaithe bheith ag obair ón mbaile suas le 50% de na laethanta oibre, socrú a chuireann leis an raon leathan reatha de bheartais agus de chleachtais sholúbtha oibre atá i bhfeidhm againn cheana féin chun tacú lenár bhfoireann an chothromaíocht cheart a bhaint amach.
Tugtar léargas ar ár gcultúr eagraíochtúil, ar ár dtimpeallacht oibre agus ar ár socruithe oibre freisin inár gcuid beartas. Is iad seo roinnt de na príomhbheartais (faoi réir athbhreithniú agus leasú leanúnach) a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise duit.
Tá scéim pinsin an Bhainc Ceannais ag teacht le rialacha scéim pinsin na státseirbhíse. Dá bhrí sin, má tá pinsean státseirbhíse/seirbhíse poiblí á fháil agat, féadfaidh go mbeidh laghdú i bhfeidhm maidir le do phinsean reatha. Cuirfear sonraí maidir leis an scéim pinsin iomchuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an duine a cheapfar.
Sonraí iarratais:
Dáta Deiridh: 24 Bealtaine
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, líon isteach an fhoirm iarratais atá i gceangal leis seo (tríd an nasc thíos).
Sula gcuireann tú tús le d’iarratas, iarrfar ort próifíl a chruthú sa chaoi go mbeidh tú in ann d’iarratas a rianú agus a athbhreithniú le linn an phróisis. Cliceáil ar “clárú” chun próifíl a chruthú agus an próiseas iarratais a chur i gcrích.
A luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn ina gcuirfear in iúl duit go bhfuarthas an t-iarratas. Mura bhfaighidh tú an uath-admháil seo, déan teagmháil le
Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
Is fostóir comhdheiseanna é Banc Ceannais na hÉireann