Specified Purpose Contract
Dublin City, County Dublin, Ireland
The Central Bank of Ireland serves the public interest by safeguarding monetary and financial stability and by working to ensure that the financial system operates in the best interests of consumers and the wider economy.
We currently have a vacancy for a HR Advisory Specialist on a specified purpose contract for an estimated 24 Months in the People & Workplace Directorate. This role is aligned with the Bank Professional 3 grade and the BP3 salary scale. New entrants will commence on Point 1 of the relevant salary scale; in this case the starting salary will be €64,844. Please click here for further information on our salary scales.
You will be responsible for coaching line managers on employee relations matters and for the case management of individual cases, ranging from, probation, performance, absenteeism and grievance & disciplinary issues through internal mechanisms and potentially to external third-party arbitration.
Intrinsic to the role will be minimising risk to the Bank on both ER and IR matters through developing and implementing appropriate policies that support a fulfilling place to work under direction from Head of Function - Employee Relations, lead / assist on Staff Representative engagement including attendance at third party hearings.
Responsibilities:- Support line management by advising and coaching on people issues, in a confidential and sensitive manner in order to help managers deal appropriately, from a legislative and employee relations perspective, taking the more complex people matters, providing guidance to colleagues.
- Manage and own a complex case load from commencement to case completion and deliver a consistent, knowledgeable and professional service in areas including disciplinary, grievance, absenteeism, probation, performance, dignity at work etc. ensuring all such matters are dealt with in line with policy, best practice and legislative requirements in order to mitigate risk for the bank.
- Support the performance management process by advising and providing guidance on appeals and other associated issues in order to support the integrity and effectiveness of the process.
- Develop and deliver training for Line managers on employee related matters equipping them to manage their people issues in a consistent and solution-focused manner.
- Advise on and educate HR colleagues and management in effectively implementing Disciplinary, Grievance and Dignity at Work processes and procedures, giving advice on early intervention strategies so as to minimise any exposure to the Bank and develop capability and confidence in addressing issues.
- Collaborate with employee relations to regularly review HR policies to ensure they are fit for purpose, consistent with legislative changes and in line with best practice.
- Develop and manage stakeholder relationship with appropriate staff representatives.
Requirements:- Degree in Human Resources, Business Studies or a related discipline.
- Membership of the CIPD desirable.
- At Least 5 years’ experience managing disciplinary, grievance and performance management cases from initiation to conclusion.
- Demonstrable experience of working with and influencing Senior Management in large and complex organisations.
- Previous experience of working in industries which have undergone rapid change.
- Excellent understanding of current Irish Employment legislation.
- Expertise of HR related policies & procedures and experience of practical application and interpretation of same.
- Ability to assess potential problems and make sound judgement around issues that may have an adverse effect on the business from a HR and employee engagement perspective.
- Strong skills in stakeholder management, proven ability in building and managing relationships.
- Strong business acumen, commercial awareness and highly motivated; resilient, with an ability to operate in a pressurised environment.
- A strong communicator and influencer with sophisticated client groups and an ability to coach and advise managers.
We know it's our people who make the Central Bank special and we are focused on creating a diverse, inclusive, fulfilling and progressive work environment. We encourage applications from candidates with different backgrounds, experiences and perspectives as it strengthens us, as individuals and as an organisation. We are committed to positively supporting candidates with disabilities. If we can make any reasonable accommodations for you in the recruitment process in order to give you the opportunity to perform to your best, please email our Disability Inclusion Partner. Any information that you provide will be used only for the purposes of providing relevant support and will have no bearing on how your application will be viewed.
We operate a hybrid working model to balance the flexibility working from home provides with the value our office environments bring to support collaboration and connection with colleagues. Our approach to hybrid working enables colleagues to work from home up to 50% of working days, building on an existing broad range of flexible working policies and practices already in place to support our people achieve the right balance.
Our policies also provide insight into our organisational culture, work environment and working arrangements. Here are some of the key policies (subject to ongoing review and amendment) which may be of interest as you consider a career with us.
The Central Bank pension scheme mirrors the rules of the civil service pension scheme. Therefore if you are in receipt of civil/public service pension, abatement may apply to your current pension. Details of the appropriate pension scheme will be provided upon determination of the appointee’s status.
Application Details:
Closing Date: 7th August
To apply, please complete the application form attached (via the “apply” link).
Before starting your application you will be asked to create a profile with us, this will allow you to track and review your application throughout the process. Click "register" to create a profile and complete the application process.
Once your application has been successfully submitted you will receive an automatic email from us acknowledging receipt. If you do not receive this auto-acknowledgement, please contact recruitment@centralbank.ie Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
The Central Bank of Ireland is an equal opportunities employer.
Freastalaíonn Banc Ceannais na hÉireann ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a chosaint agus trína chinntiú go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne.
Tá folúntas againn faoi láthair do Speisialtóir Comhairleach AD ar chonradh sainchuspóra ar feadh tuairim is 12 mhí sa Stiúrthóireacht Acmhainní Daonna & Ionaid Oibre. Tá an ról seo ailínithe le grád Ghairmí Bainc 3 agus le scála tuarastail BP3. Beidh iontrálaithe nua ag tosú ar Phointe 1 den scála tuarastail ábhartha, sa chás seo is ionann an tuarastal tosaigh agus €64,844. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár scálaí tuarastail.
Beidh tú freagrach as bainisteoirí líne a chóitseáil ar shaincheisteanna a bhaineann leis an gcaidreamh idir fostóirí agus fostaithe agus ar bhainistiú cáis i leith cásanna aonair, lena n-áirítear promhadh, feidhmíocht, neamhláithreacht agus gearáin agus saincheisteanna araíonachta trí shásraí inmheánacha agus b’fhéidir eadránú seachtrach tríú páirtí.
Dlúthchuid den ról seo is ea an riosca don Bhanc i leith saincheisteanna caidrimh idir fostóir agus fostaithe agus caidrimh tionsclaíoch a mhaolú trí bheartais iomchuí a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun tacú le hionad oibre sásúil.
Faoi stiúradh an Cheannasaí Feidhme - Caidreamh idir Fostóir agus Fostaithe, treoir / cúnamh a thabhairt maidir le rannpháirtíocht le hIonadaithe Foirne lena n-áirítear freastal ar éisteachtaí tríú páirtí.
Freagrachtaí:- Cuidiú leis an mbainistíocht líne trí chomhairle agus trí chóitseáil a chur ar fáil, ar bhealach rúnda, íogair, maidir le saincheisteanna acmhainní daonna, d’fhonn cuidiú le bainisteoirí déileáil go cuí, ó thaobh na reachtaíochta agus caidrimh idir fostóir agus fostaithe de, le saincheisteanna acmhainní daonna níos casta, agus treoir a thabhairt do chomhghleacaithe.
- Líon cásanna casta a bhainistiú ó thús deireadh agus seirbhís chomhsheasmhach, eolasach, ghairmiúil a chur ar fáil i réimsí éagsúla lena n-áirítear araíonacht, gearán, neamhláithreacht, promhadh, feidhmíocht, dínit san ionad oibre etc., chun a chinntiú go ndéileáltar le saincheisteanna den sórt sin i gcomhréir le beartas, leis an dea-chleachtas agus le ceanglais reachtacha d’fhonn riosca don Bhanc a mhaolú.
- Tacú leis an bpróiseas bainistíochta feidhmíochta trí chomhairle agus trí threoir a chur ar fáil i leith achomharc agus saincheisteanna gaolmhara eile d’fhonn tacú le hiomláine agus le héifeachtacht an phróisis.
- Oiliúint a fhorbairt agus a chur ar fáil do bhainisteoirí líne i leith nithe gaolmhara a bhaineann le fostaithe chun go gcuirfear ar a gcumas saincheisteanna acmhainní daonna a bhainistiú ar mhodh comhsheasmhach a bheidh dírithe ar réitigh.
- Comhairle agus oideachas a chur ar chomhghleacaithe agus ar lucht bainistíochta AD maidir le próisis agus nósanna imeachta a chur chun feidhme go héifeachtach i ndáil le hAraíonacht, Gearáin agus Dínit san Ionad Oibre, comhairle a thabhairt ar straitéisí luath-idirghabhála chun go n-íoslaghdófar neamhchosaint an Bhainc agus cumas agus muinín a chothú chun dul i ngleic le saincheisteanna.
- Comhoibriú le comhgleacaithe sa réimse um chaidreamh idir fostóir agus fostaithe chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar bheartais AD sa chaoi go n-áiritheofar go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm, go bhfuil siad comhréireach le hathruithe reachtúla agus go bhfuil siad ag teacht leis an dea-chleachtas.
- Caidreamh páirtithe leasmhara a fhorbairt agus a bhainistiú le hionadaithe foirne cuí.
Riachtanais:- Céim sna hAcmhainní Daonna, sa Staidéar Gnó nó i ndisciplín gaolmhar.
- Tá ballraíocht CIPD inmhianaithe.
- Taithí 5 bliana ar a laghad ar chásanna araíonachta, gearáin agus bainistíochta feidhmíochta a bhainistiú ó thús deireadh.
- Taithí inléirithe ar a bheith ag obair leis an Ardbhainistíocht i móreagraíochtaí casta, agus ar thionchar a imirt uirthi.
- Taithí ar a bheith ag obair i dtionscail ar tháinig mearathrú orthu.
- Sárthuiscint ar reachtaíocht reatha fostaíochta na hÉireann.
- Saineolas ar bheartais & ar nósanna imeachta AD agus taithí ar fheidhmiú praiticiúil agus ar léirmhíniú an chéanna.
- Cumas chun fadhbanna ionchasacha a mheasúnú agus breithiúnas grinn a thabhairt i leith saincheisteanna a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar an ngnó ó thaobh Acmhainní Daonna agus rannpháirtíochta fostaithe de.
- Scileanna láidre i mbainistíocht páirtithe leasmhara, cumas cruthaithe i gcothú agus i mbainistiú caidrimh.
- Grinneas láidir sa ghnó, feasacht tráchtála agus ard-spreagtha; acmhainneach agus cumas oibriú i dtimpeallacht ina mbíonn daoine faoi bhrú.
- Scileanna láidre cumarsáide agus tionchair le grúpaí cliant agus cumas chun cóitseáil agus comhairle a chur ar fáil do bhainisteoirí.
Tuigimid go maith gurb iad ár mbaill foirne bua an Bhainc Ceannais agus táimid tiomanta d’áit oibre ilchineálach, ionchuimsitheach agus forásach a chruthú. Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, agus ó dhaoine a bhfuil taithí éagsúil agus dearcthaí éagsúla acu, toisc go neartóidh sé sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht. Táimid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Más féidir linn aon socruithe réasúnacha a dhéanamh duit chun go mbeidh an deis agat do dhícheall a dhéanamh sa phróiseas earcaíochta, déan teagmháil lenár gComhpháirtí um Ionchuimsiú Daoine faoi Mhíchumas. Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin chun tacaíocht chuí a chur ar fáil duit agus ní bheidh aon tionchar aici ar an gcaoi ina mbreathnófar ar d’iarratas.
Tá samhail um obair chumaisc i bhfeidhm againn chun cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht na cianoibre agus an fiúntas a bhaineann leis an timpeallacht oifige d’fhonn tacú leis an gcomhoibriú agus leis an gceangal idir chomhghleacaithe. Lenár gcur chuige maidir le hobair chumaisc, cumasaítear do chomhghleacaithe bheith ag obair ón mbaile suas le 50% de na laethanta oibre, socrú a chuireann leis an raon leathan reatha de bheartais agus de chleachtais sholúbtha oibre atá i bhfeidhm againn cheana féin chun tacú lenár bhfoireann an chothromaíocht cheart a bhaint amach.
Tugtar léargas ar ár gcultúr eagraíochtúil, ar ár dtimpeallacht oibre agus ar ár socruithe oibre freisin inár gcuid beartas. Is iad seo roinnt de na príomhbheartais (faoi réir athbhreithniú agus leasú leanúnach) a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise duit.
Tá scéim pinsin an Bhainc Ceannais ag teacht le rialacha scéim pinsin na státseirbhíse. Dá bhrí sin, má tá pinsean státseirbhíse/seirbhíse poiblí á fháil agat, féadfaidh go mbeidh laghdú i bhfeidhm maidir le do phinsean reatha. Cuirfear sonraí maidir leis an scéim pinsin iomchuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an duine a cheapfar.
Sonraí iarratais:
Dáta Deiridh: 7ú Lúnasa
Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, líon isteach an fhoirm iarratais atá i gceangal leis seo (tríd an nasc thíos).
Sula gcuireann tú tús le d’iarratas, iarrfar ort próifíl a chruthú sa chaoi go mbeidh tú in ann d’iarratas a rianú agus a athbhreithniú le linn an phróisis. Cliceáil ar “clárú” chun próifíl a chruthú agus an próiseas iarratais a chur i gcrích.
A luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn ina gcuirfear in iúl duit go bhfuarthas an t-iarratas. Mura bhfaighidh tú an uath-admháil seo, déan teagmháil le recruitment@centralbank.ie Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
The Central Bank of Ireland is an equal opportunities employer.