Oifigeach Idirchaidrimh don Phobal / Community Liaison Officer
(E2027034-036)
Job Type
Permanent Full-Time
Remote Work Option
Hybrid
Category
Business and Corporate
Location
Ireland
Job Details
Cúlra
Táimid i gcroílár aistriú fuinnimh na hÉireann‑ag nascadh, ag oibriú agus ag claochlú na n‑eangaí leictreachais chun tacú le todhchaí ísealcharbóin, in‑athnuaite.
Táimid ag tógáil foirne cumasacha a théann i ngleic le dúshláin fíorshaoil gach lá, foirne a chuidíonn linn ár sprioc a bhaint amach chun an eangach a ullmhú chun suas le 80% de leictreachas na hÉireann a iompar ó fhoinsí in‑athnuaite.
Táimid bródúil as a bheith deimhnithe mar Áit Iontach le Bheith ag Obair, aitheanta as ár gcultúr atá bunaithe ar mhuinín, comhoibriú agus cuimsiú. Ag EirGrid tiocfaidh tú ar fhoirne tacúla, deiseanna fáis agus obair fhiúntach. Cuirimid fostaíocht sheasmhach ar fáil chomh maith le raon polasaithe oibre solúbtha agus polasaithe a thacaíonn le teaghlaigh chun tacú le do shaol agus le d’fholláine. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí atá ar fáil ag EirGrid duit, tabhair cuairt ar
An Saol ag EirGrid
.
Má tá tú réidh chun dul i gcion agus do ghairm bheatha a fhorbairt in eagraíocht atá dírithe ar chuspóirí, tosaíonn d'aistear anseo.
An Fhoireann
Tá Grúpa EirGrid ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht i dtionscal an fhuinnimh, rud a chumasaíonn an t-aistriú i dtreo todhchaí chliste ísealcharbóin atá cumasaithe ag an teicneolaíocht. Ní mór dúinn ár mbonneagar a fhorbairt chun an méid sin a dhéanamh. Tá an fhoireann Rannpháirtíochta Pobail freagrach as forbairt agus cur chun feidhme ár gcur chuige maidir le rannpháirtíocht i ndáil lenár dtionscadail tarchurtha le pobail, úinéirí talún, rialtas áitiúil, páirtithe leasmhara áitiúla agus comhlachtaí toilithe.
Cuspóir an Phoist
Tá Oifigigh Idirchaidrimh don Phobal á lorg againn chun a bheith páirteach inár bhfoireann Rannpháirtíochta Pobail, chun a bheith ag obair ar thionscadail ar fud na réigiún. Tá an fhoireann Rannpháirtíochta Pobail freagrach as forbairt agus cur chun feidhme ár gcur chuige maidir le rannpháirtíocht i ndáil lenár dtionscadail tarchurtha le pobail, úinéirí talún, rialtas áitiúil, páirtithe leasmhara áitiúla agus comhlachtaí toilithe.
Éascaíonn an tOifigeach Idirchaidrimh don Phobal rannpháirtíocht le pobail áitiúla agus le páirtithe leasmhara chun a dtuairimí a lorg mar aon le haiseolas fad is atá iarracht á déanamh againn eangach náisiúnta na hÉireann a fhorbairt. Trí bheith ag obair in éineacht le pobail áitiúla, is féidir linn eangach leictreachais níos láidre agus níos fearr a chruthú gan ach tionchar chomh beag agus is féidir a bheith againn ar cheantar. Príomhcholún de chlaochlú an chórais cumhachta é “Rannpháirtíocht ar mhaithe le Torthaí Níos Fearr do Chách”.
Freagrach do
Ceannasaí Rannpháirtíochta Pobail
Príomhfhreagrachtaí
Plé a bhunú agus rannpháirtíocht le pobail maidir le forbairt bonneagair eangaí a éascú.
Deiseanna rannpháirtíochta a lorg ar bhonn réamhghníomhach lena n-áirítear cruinnithe le daoine aonair agus le grúpaí agus freagairt d’fhiosrúcháin agus d’ábhair atá ag déanamh imní do pháirtithe leasmhara áitiúla.
Ionadaíocht a dhéanamh ar EirGrid ag cruinnithe, imeachtaí agus ócáidí, cuid acu a d’fhéadfadh a bheith ar siúl taobh amuigh de ghnáthuaireanta oibre.
Dul i mbun idirchaidrimh le daoine aonair, ionadaithe údarás áitiúil agus grúpaí páirtithe leasmhara ábhartha.
Láithreoireachtaí rialta do pháirtithe leasmhara a stiúradh agus seimineáir ghréasáin a reáchtáil ar ardáin dhigiteacha.
Freagracht a ghlacadh as próiseáil agus bainistiú gach fiosrúchán a fhaightear i ndáil le gníomhaíocht tionscadail, lena n-áirítear monatóireacht, anailís agus tuairisciú cumarsáide.
Dul i mbun idirchaidrimh le pobail agus le daoine aonair faoinár bhfóraim phobail, leas pobail agus ciste gaireachta.
Deiseanna urraíochta a aithint chun tacú le pobail áitiúla.
Feidhmiú mar nasc idir an fhoireann tionscadail, conraitheoirí agus an pobal áitiúil.
Athbhreithniú a dhéanamh ar agus ionchur a chur ar fáil d’ábhar tacaíochta tionscadail chun a chinntiú go bhfuil riachtanais an phobail áitiúil á gcomhlíonadh.
Faisnéis theicniúil chasta a thuiscint agus a chur i láthair i dteanga shothuigthe shoiléir a fhreastalaíonn ar riachtanas do phobail.
Páirt a ghlacadh i gcruinnithe pleanála agus díriú ar shaincheisteanna a bhaineann le tionscadail eangaí shonracha.
Eolas, Scileanna agus Taithí
Riachtanach
Céim sa ghnó, eolaíochtaí sóisialta, forbairt pobail nó disciplín ábhartha le 4+ bliana de thaithí ábhartha nó 15 bhliain+ de thaithí fostaíochta i ról custaiméara/poiblí nó forbairt pobail.
Spéis dháiríre a bheith ag obair le pobail.
Tá scileanna cumarsáide agus rannpháirtíochta ardleibhéil riachtanach don ról seo.
Spéis a bheith ag obair le daoine mar bhall d’fhoireann chomhoibritheach
Tuiscint ar eagraíochtaí sochaí sibhialta agus ar réimse an rialachais rannpháirtíochta.
Scileanna cumarsáide láidre scríofa agus ó bhéal, taithí ar scríbhneoireacht agus ar dhoiciméadú cruinnithe agus ceardlann, treoirleabhar agus ábhair theicniúil.
A bheith dea-eagraithe, acmhainneach le scileanna maithe pleanála agus fadhbréitigh agus a bheith in ann déileáil le dúshláin.
A bheith sásta oibriú mar bhall foirne atá solúbtha, in ann smaoineamh ar do sheasamh agus obair a chur i gcrích faoi bhrú.
Tá ceadúnas glan tiomána ag teastáil.
Ní mór go mbeadh tú ar fáil chun obair a dhéanamh i rith an tráthnóna nuair is gá chun freastal ar riachtanais an phobail.
Taithí roimhe seo ar a bheith ag obair ar thionscnaimh freagrachta sóisialta chorparáideacha.
Is buntáiste é taithí roimhe seo ar thionscadail bhonneagair ach níl riachtanach de bhrí go gcuirfear cúrsaí oiliúna ar fáil.
Dáta deiridh d’iarratais
30 Deireadh Fómhair 2026
Tabhair faoi deara go bhfaighimid líon mór iarratas, agus d'fhéadfadh ár n‑am freagartha a bheith éagsúil toisc go ndéantar athbhreithniú cúramach ar gach iarratas. Má aontaíonn tú go mbreithneofar thú le haghaidh róil eile, d'fhéadfadh moill a bheith ar an bhfreagra a fhaigheann tú agus muid ag iarraidh a fháil amach cén ról is fearr a oireann don taithí atá agat. Is mór againn do chuid foighne.
Cuirimid an luach céanna ar acmhainneacht is a chuirimid ar thaithí. Má chreideann tú gur féidir leat rath a bhaint amach sa ról seo, molaimid duit iarratas a dhéanamh, fiú mura gcomhlíonann tú gach riachtanas.
Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithníonn muid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n‑acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.
Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.
Community Liaison Officer
We are at the heart of Ireland’s energy transition - connecting, operating and transforming the electricity grid to support a low carbon, renewable future.
We are building talented teams that tackle real world challenges every day and help us to achieve our goal to prepare the grid to carry up to 80% of Ireland’s electricity from renewable sources.
We are proud to be a certified Great Place to Work, recognised for our culture built on trust, collaboration and inclusion. At EirGrid you will find supportive teams, opportunities to grow and meaningful work. We also offer secure employment with a range of flexible and family friendly working policies to support your life and wellbeing. If you want to know more about what EirGrid has to offer you, visit
Life at EirGrid
.
If you are ready to make an impact and grow your career in a purpose-led organisation, your journey starts here.
The Team
EirGrid Group is at the forefront of innovation in the energy industry, enabling the transition towards a low-carbon, technology-enabled smart future. To do this we must develop our infrastructure. The Public Engagement team is responsible for the development and implementation of our overall approach to engagement on our transmission projects with communities, landowners, local government, local stakeholders, and consenting bodies.
Job Purpose
We are seeking Community Liaison Officers to join our Public Engagement team, working on projects across the regions. The Public Engagement team is responsible for the development and implementation of our overall approach to engagement on our transmission projects with communities, landowners, local government, local stakeholders and consenting bodies.
The Community Liaison Officer facilitates engagement with local communities and stakeholders to seek their views and feedback as we seek to develop Ireland's national grid. When we work together with local communities, we can create a stronger and better electricity grid with the least possible impact on an area. “Engaging for the Better Outcomes for All” is a fundamental key pillar of our transformation of the power system.
Key Responsibilities
Establish dialogue and facilitate engagement with communities regarding grid infrastructure development.
Proactively seek opportunities for engagement including meetings with individuals and groups and responding to queries and concerns of local stakeholders.
Represent EirGrid at meetings, functions and events, some of which may occur outside of normal office hours.
Liaise with individuals, representatives of local authorities and relevant stakeholder groups.
Lead regular presentations to stakeholders and host webinars via digital platforms
Be responsible for processing and managing all queries received with regard to project activity, including communications monitoring, analysis and reporting.
Liaise with local communities and individuals regarding our community forums, community benefit and proximity fund.
Identify sponsorship opportunities to support local communities.
Act as a link between the project team, contractors and the local community.
Review and input into a broad range of project support material to ensure requirements of the local community are met.
Distil complex technical information and present it in a clear understandable language to meet need of your audience.
Participate in planning meetings to discuss and address issues related to specific grid projects.
Knowledge, Skills and Experience
A degree in Business, Social Sciences, Community Development or relevant discipline supported by 4+ years of relevant experience or 15 years+ employment experience in a customer/public facing role or community development.
A genuine passion for working with communities.
High level communication and engagement skills essential for this role.
Enjoy working with people and as part of a collaborative team
An understanding of civil society organizations and the field of participatory governance.
Strong communication skills both written and verbal, experience in writing and documenting of meetings and workshops, guides and technical material.
Well-organised, resourceful with good planning and problem-solving abilities and capable of responding to challenging situations.
Be team player, flexible, quick-thinking and able to work well under pressure.
A full clean driving licence required.
Must be available to work evenings as required in order to facilitate community needs.
Previous experience of working on corporate social responsibility initiatives.
Previous experience of delivering infrastructure projects an advantage but not critical as full training will be provided.
Please note, this role can be based in our Cork or Dublin office.
Closing date for applications
30th October 2026
Please note we receive a high volume of applications, and as every application is carefully reviewed our response time may vary. If you agree to be considered for other roles this may result in a delayed response as we establish the best fit for your experience. We appreciate your patience.
We value potential as much as experience. If you believe you can succeed in this role, we encourage you to apply, even if you don’t meet every requirement.
We're dedicated to diversity and inclusion at EirGrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.