Temporary

Fulltime Working Hours Onsite Fully

Baile na hAbhann

Is é RTÉ eagras náisiúnta mheán seirbhíse poiblí na  hÉireann. Tá RTÉ i gceann ar na meáin in Éirinn agus cuireann seirbhísí ilmheán saorchraolta, cuimsitheacha agus cost-éifeachtúla ar fáil do phobal na hÉireann agus go hidirnáisiúnta. 
 
Cuirfidh RTÉ fáilte roimh iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí ar phost mar Iriseoir Ilmheán le Nuacht RTÉ / TG4.  
 
Post é seo a bheidh lonnaithe i gceanncheathrú TG4 I mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, agus a bheidh sannta chuig Nuacht RTÉ/TG4.  
 
Ní mór d’iarrthóirí: 
  • Taithí bheith acu san iriseoireacht agus i scéalta nuachta a fhorbairt  
  • An-eolas bheith acu ar chúrsaí reatha agus nuachta maraon le breith stuama eagarthóireachta.  
  • Ardchaighdeán sa Ghaeilge scríofa agus labhartha 
  • Scileanna maithe scríbhneoireachta agus fo-eagarthóireachta don fhoilsitheoireacht ar líne  
  • Eolas domhain ar chúrsaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus réigiúnacha. 
  • Eolas ar pholasaí eagarthóireachta RTÉ agus TG4 
  • Spéis agus cumas sa teicneolaíocht reatha agus éiritheach maraon le heolas ar na meáin shóisialta mar mhodh bailithe nuachta. 
Duine díocasach díograiseach a cheapfar sa phost seo a bheidh in ann dul ag obair as a stuaim féin. Oibreoidh siad go maith agus go cruinn faoi spriocamanna agus faoi bhrú, agus mar bhall foirne. 
 
Buntáiste é taithí sa chraoltóireacht bheith ag iarrthóirí. 
 
Tá sé riachtanach go mbeidh eolas domhain ag iarrthóirí ar threoirlínte iriseoireachta RTÉ agus TG4, maraon leis na codanna cuí de na hAchtanna Craolacháin. 
 
Tá dualgas ar iriseoirí ilmheán sealanna oibre a oibriú, sealanna a chuimsíonn maidineacha mocha, tráthnónta deireanacha, deirí seachtaine agus laethanta saoire poiblí. 
 
Ó am go chéile, is féidir go mbeidh dualgas ann freisin craoladh i mBéarla do sheirbhísí eile RTÉ. 
 
Cuimseoidh an próiseas roghnaithe agallamh, measúnú agus scrúdú ceamara / micfreafóin. 
 
Is post lánaimseartha ar bhonn chonartha ar fheidhm sheasta é seo, a thairgeofar ar dtús go ceann bliana, agus is é €47,574 - €74,811 tuarastal iomlán in aghaidh na bliana an raon tuarastail a ghabhann leis. 
 
Is é an dáta scoir d’iarratais Dé hAoine an 1 Lúnasa 2025
 
Tá RTÉ tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.  
 
Fostóir comhionannais deise é RTÉ agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí sóisialta, cine ná eitneacht, eagumas, stádas sibhialta ná teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.