Permanent

Hybrid

Monetary Policy

Dublin City, County Dublin, Ireland

Bank Executive (C)

The Central Bank of Ireland serves the public interest by safeguarding monetary and financial stability and by working to ensure that the financial system operates in the best interests of consumers and the wider economy.

We currently have a vacancy for a Market Integrity Investigator on a contract of indefinite duration in the SCMA Division. This role is aligned with the Bank Executive grade and the BE salary scale. These roles are aligned with the Bank Executive grade. New entrants will commence on Point 1 of the relevant salary scale; in this case the starting salary will be €39,871. Please click here for further information on our salary scales.

Conduct preliminary enquiries into suspected instances of insider dealing and market manipulation on Irish securities markets to identify possible contraventions of Irish Market Abuse Law and the associated Market Abuse Rules. Ensure that reports are produced on a timely basis with recommendations for further action or case closure. Participate in thematic reviews and other supervisory inspections to ensure relevant firms have appropriate systems and controls to prevent and detect suspicious trading activity and that issuers comply with the legislation.

Responsibilities:
  • Lead the detailed review and further investigation of suspected instances of market abuse to ensure the Central Bank fulfils its obligations under market abuse legislation.
  • Ensure cases are investigated to a high standard and that reports are produced on a timely basis with recommendations for further action or case closure.
  • Review of Suspicious Transaction and Order Reports relating to market manipulation submitted to the Central Bank by market participants and other competent authorities to ensure all suspicious cases are investigated as required.
  • Refer cases of identified suspicious activity to Enforcement Division or other relevant competent authorities to demonstrate that the Central Bank will take action when possible, in relation to market abuse breaches.
  • Participate in thematic reviews and other supervisory inspections to ensure relevant firms have appropriate systems and controls to prevent and detect suspicious trading activity and that issuers comply with the legislation.
  • Conduct investigations in relation to other potential breaches of financial markets legislation as may be assigned by the Head of Division.
Requirements:
  • Level 8 degree in a finance or law discipline.
  • 4 years’ experience in the investment industry with practical experience of the trading environment, including;
    • Knowledge and understanding of investment instruments, including derivatives.
    • Knowledge of the operational structure of investment markets and the transaction process.
  • Ability to seek out data and information from a variety of internal and external sources utilising the Central Bank’s legal powers, where needed, to build a coherent assessment of suspicious activity.
  • Good verbal and written communication skills, with an ability to clearly and concisely articulate self and respond constructively to challenge.
  • A team player who demonstrates flexibility and a willingness to learn in their approach to work.
  • Ability to work calmly and accurately under pressure and appropriately manage conflicting work priorities.
  • Ability to develop and foster relationships with a number of external stakeholders including but not limited to; software vendors, National Competent Authorities, market participants and the Gardaí.
  • Act professionally and with integrity.
We know it's our people who make the Central Bank special and we are focused on creating a diverse, inclusive, fulfilling and progressive work environment. We encourage applications from candidates with different backgrounds, experiences and perspectives as it strengthens us, as individuals and as an organisation.  We are committed to positively supporting candidates with disabilities. If we can make any reasonable accommodations for you in the recruitment process in order to give you the opportunity to perform to your best, please email our Disability Inclusion Partner aobh.kavanagh@centralbank.ie. Any information that you provide will be used only for the purposes of providing relevant support and will have no bearing on how your application will be viewed.

We operate a hybrid working model to balance the flexibility working from home provides with the value our office environments bring to support collaboration and connection with colleagues. Our approach to hybrid working enables colleagues to work from home up to 50% of working days, building on an existing broad range of flexible working policies and practices already in place to support our people achieve the right balance.

Our policies also provide insight into our organisational culture, work environment and working arrangements. Here are some of the key policies (subject to ongoing review and amendment) which may be of interest as you consider a career with us.

The Central Bank pension scheme mirrors the rules of the civil service pension scheme. Therefore, if you are in receipt of civil/public service pension, abatement may apply to your current pension.  Details of the appropriate pension scheme will be provided upon determination of the appointee’s status.

Application Details: 
Closing Date: 29th November

To apply, please complete the application form attached (via the “apply” link).

Before starting your application you will be asked to create a profile with us, this will allow you to track and review your application throughout the process. Click "register" to create a profile and complete the application process.

Once your application has been successfully submitted you will receive an automatic email from us acknowledging receipt. If you do not receive this auto-acknowledgement, please contact recruitment@centralbank.ie

 
Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
The Central Bank of Ireland is an equal opportunities employer.

 
Freastalaíonn Banc Ceannais na hÉireann ar leas an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choimirciú agus trína áirithiú go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus an gheilleagair níos leithne.

Tá folúntas againn faoi láthair d’Imscrúdaitheoir um Shláine Mhargaidh ar chonradh tréimhse éiginnte i Rannán SCMA. Tá an ról seo ailínithe le grád an Fheidhmeannaigh Bainc agus le scála tuarastail BE. Tá na róil seo ailínithe le grád an Fheidhmeannaigh Bainc. Beidh iontrálaithe nua ag tosú ar Phointe 1 den scála tuarastail ábhartha, sa chás seo is ionann an tuarastal tosaigh agus €39,871. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir lenár scálaí tuarastail.

Réamhfhiosrúcháin a dhéanamh ar chásanna amhrasta de dhéileáil chos istigh agus de chúbláil mhargaidh ar mhargaí urrús na hÉireann chun go sainaithneofar sáruithe féideartha ar Dhlí Drochúsáide Margaidh na hÉireann agus ar na Rialacha Drochúsáide Margaidh gaolmhara. A chinntiú go gcuirfear tuarascálacha ar fáil ar bhonn tráthúil le moltaí maidir le tuilleadh gníomhaíochta nó maidir le clabhsúr a chur le cás. Páirt a ghlacadh in athbhreithnithe téamacha agus cigireachtaí maoirseachta eile chun a chinntiú go bhfuil córais agus rialuithe iomchuí i bhfeidhm ag gnólachtaí ábhartha chun gníomhaíocht trádála amhrasach a chosc agus a bhrath agus chun a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht á comhlíonadh ag eisitheoirí.

Freagrachtaí:
  • An t-athbhreithniú mionsonraithe agus imscrúdú breise ar chásanna amhrasta de dhrochúsáid mhargaidh a threorú chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Banc Ceannais a chuid oibleagáidí faoin reachtaíocht drochúsáide margaidh.
  • A chinntiú go ndéanfar cásanna a imscrúdú ar chaighdeán ard agus go gcuirfear tuarascálacha ar fáil ar bhonn tráthúil le moltaí maidir le tuilleadh gníomhaíochta nó maidir le clabhsúr a chur le cás.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar Thuarascálacha ar Idirbhearta agus Orduithe Amhrasacha i ndáil le cúbláil mhargaidh arna gcur faoi bhráid an Bhainc Ceannais ag rannpháirtithe sa mhargadh agus faoi bhráid údaráis inniúla eile chun a chinntiú go ndéanfar gach cás amhrasach a imscrúdú de réir mar is gá.
  • Cásanna de ghníomhaíocht amhrasach shainaitheanta a chur ar aghaidh chuig an Rannán Forfheidhmiúcháin nó chuig údaráis inniúla eile chun a léiriú go nglacfaidh an Banc Ceannais gníomh nuair is féidir i leith sáruithe a bhaineann le drochúsáid margaidh.
  • Páirt a ghlacadh in athbhreithnithe téamacha agus cigireachtaí maoirseachta eile chun a chinntiú go bhfuil córais agus rialuithe iomchuí i bhfeidhm ag gnólachtaí ábhartha chun gníomhaíocht trádála amhrasach a chosc agus a bhrath agus chun a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht á comhlíonadh ag eisitheoirí.
  • Imscrúduithe a bheidh sannta ag an gCeannasaí Rannáin a sheoladh i leith sáruithe ionchasacha eile ar an reachtaíocht maidir le margaí airgeadais.
Riachtanais:
  • Céim leibhéal 8 i ndisciplín airgeadais nó dlí.
  • Taithí 4 bliana sa tionscal infheistíochta mar aon le taithí phraiticiúil ar an timpeallacht trádála, lena n-áirítear;
    • Eolas agus tuiscint ar ionstraimí infheistíochta, lena n-áirítear díorthaigh.
    • Eolas ar struchtúr oibríochtúil na margaí infheistíochta agus ar phróiseas na n-idirbheart.
  • Cumas chun sonraí agus faisnéis a lorg ó fhoinsí inmheánacha agus seachtracha éagsúla agus úsáid á baint as cumhachtaí dlíthiúla an Bhainc Ceannais, nuair is gá, d’fhonn measúnú comhtháite a dhéanamh ar ghníomhaíocht amhrasach.
  • Scileanna maithe cumarsáide, idir chumarsáid ó bhéal agus chumarsáid i scríbhinn, mar aon leis an gcumas chun tú féin a chur in iúl ar bhealach soiléir, gonta agus chun freagairt ar bhealach dearfach d’aon dúshlán.
  • Ball den fhoireann a léireoidh solúbthacht agus toilteanas foghlama ina c(h)uid oibre.
  • Cumas a bheith ag obair faoi bhrú ar bhealach stuama, cruinn agus tosaíochtaí codarsnacha oibre a bhainistiú go cuí.
  • Cumas chun caidreamh le páirtithe leasmhara éagsúla a fhorbairt agus a chothú, lena n-áirítear díoltóirí bogearraí, Údaráis Inniúla Náisiúnta, rannpháirtithe margaidh agus na Gardaí, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
  • Gníomhú go gairmiúil agus go hionraic.
Tuigimid go maith gurb iad ár mbaill foirne bua an Bhainc Ceannais agus táimid tiomanta d’áit oibre ilchineálach, ionchuimsitheach agus forásach a chruthú. Fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla, agus ó dhaoine a bhfuil taithí éagsúil agus dearcthaí éagsúla acu, toisc go neartóidh sé sinn mar dhaoine agus mar eagraíocht.  Táimid tiomanta do thacaíocht dhearfach a thabhairt d’iarrthóirí atá faoi mhíchumas. Más féidir linn aon socruithe réasúnacha a dhéanamh duit chun go mbeidh an deis agat do dhícheall a dhéanamh sa phróiseas earcaíochta, déan teagmháil lenár gComhpháirtí um Ionchuimsiú Daoine faoi Mhíchumas. Ní bhainfear úsáid as aon fhaisnéis a chuirfidh tú ar fáil ach amháin chun tacaíocht chuí a chur ar fáil duit agus ní bheidh aon tionchar aici ar an gcaoi ina mbreathnófar ar d’iarratas.

Tá samhail um obair chumaisc i bhfeidhm againn chun cothromaíocht a bhaint amach idir solúbthacht na cianoibre agus an fiúntas a bhaineann leis an timpeallacht oifige d’fhonn tacú leis an gcomhoibriú agus leis an gceangal idir chomhghleacaithe. Lenár gcur chuige maidir le hobair chumaisc, cumasaítear do chomhghleacaithe bheith ag obair ón mbaile suas le 50% de na laethanta oibre, socrú a chuireann leis an raon leathan reatha de bheartais agus de chleachtais sholúbtha oibre atá i bhfeidhm againn cheana féin chun tacú lenár bhfoireann an chothromaíocht cheart a bhaint amach.

Tugtar léargas ar ár gcultúr eagraíochtúil, ar ár dtimpeallacht oibre agus ar ár socruithe oibre freisin inár gcuid beartas. Is iad seo roinnt de na príomhbheartais (faoi réir athbhreithniú agus leasú leanúnach) a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise duit.

Tá scéim pinsin an Bhainc Ceannais ag teacht le rialacha scéim pinsin na státseirbhíse. Dá bhrí sin, má tá pinsean státseirbhíse/seirbhíse poiblí á fháil agat, féadfaidh go mbeidh laghdú i bhfeidhm maidir le do phinsean reatha.  Cuirfear sonraí maidir leis an scéim pinsin iomchuí ar fáil nuair a chinnfear stádas an duine a cheapfar.

Sonraí iarratais: 
Dáta Deiridh: 29ú Samhain

Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, líon isteach an fhoirm iarratais atá i gceangal leis seo (tríd an nasc thíos).

Sula gcuireann tú tús le d’iarratas, iarrfar ort próifíl a chruthú sa chaoi go mbeidh tú in ann d’iarratas a rianú agus a athbhreithniú le linn an phróisis. Cliceáil ar “clárú” chun próifíl a chruthú agus an próiseas iarratais a chur i gcrích.

A luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat, gheobhaidh tú ríomhphost uathoibríoch uainn ina gcuirfear in iúl duit go bhfuarthas an t-iarratas. Mura bhfaighidh tú an uath-admháil seo, déan teagmháil le recruitment@centralbank.ie.

 
Cuirfear fáilte roimh iarratais i nGaeilge
Is fostóir comhdheiseanna é Banc Ceannais na hÉireann.