Permanent Full-Time

Hybrid

Business and Corporate

Dublin City, County Dublin, Ireland

Ceannspeisialtóir Sinsearach Conarthaí

An Deis
Táimid sa tóir ar Cheannspeisialtóir Sinsearach Conarthaí a bhfuil taithí aige/aici chun ról ríthábhachtach a bheith aige/aici maidir le mórchlár bonneagair a sheachadadh go rathúil. Is post sinsearach é seo atá freagrach as straitéis chonarthach agus tráchtála an chláir a mhúnlú agus a mhaoirsiú, ag cinntiú go dtacaíonn socruithe conarthacha go héifeachtach le cuspóirí an chláir, go ndéanann siad riosca a bhainistiú agus go bhfuil luach ag baint leo.

Ag obair go dlúth le foirne ceannaireachta, soláthair, dlí, airgeadais agus seachadta clár, cuirfidh tú treoir shaineolach ar fáil ar ábhair chasta chonarthacha, caidrimh soláthraithe, idirbheartaíochtaí tráchtála, agus bainistíocht éileamh. Beidh tú i gceannas ar fhorbairt creataí bainistíochta conarthaí agus próisis rialachais, ag cinntiú go gcomhlíonfar conarthaí agus go gcuirfear an dea-chleachtas i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an chláir.

Tugann an ról seo deis duit tionchar a imirt ar chinnteoireacht straitéiseach, caidrimh chonarthacha ardluacha a bhainistiú, agus cur le tionscadail bhonneagair ríthábhachtacha a mbeidh tionchar fadtéarmach acu a sheachadadh go rathúil.


Príomhfhreagrachtaí 
  • Forbairt agus cur i gcrích straitéisí conartha ar fud an chláir a threorú, atá ag teacht le cuspóirí na heagraíochta.
  • Ceannaireacht straitéiseach a chur ar fáil ar chúrsaí conarthacha, tráchtála agus riosca ar feadh shaolré an chláir.
  • Idirbheartaíocht, leasuithe conartha, bainistíocht éileamh, agus réiteach díospóidí a threorú chun leasanna an chláir a chosaint.
  • Rialachas conartha, comhlíonadh agus bainistíocht feidhmíochta éifeachtach a chinntiú ar fud soláthraithe agus comhpháirtithe seachadta.
  • Comhairle a thabhairt don cheannaireacht shinsearach maidir le rioscaí conarthacha, deiseanna agus impleachtaí tráchtála na bpríomhchinntí.
  • Torthaí tráchtála a thiomáint trí bhainistíocht conartha réamhghníomhach agus tionscnaimh bharrfheabhsaithe luacha.
  • Comhoibriú le foirne Soláthair, Dlí, Airgeadais agus Seachadta chun cur i bhfeidhm conartha comhsheasmhach agus éifeachtach a chinntiú.
  • Caidreamh láidir a chothú le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha chun tacú le seachadadh rathúil an chláir.
  • Feabhsú leanúnach ar chreataí, próisis agus dea-chleachtais bhainistíochta conartha a threorú.
  • Ceannaireacht agus maoirseacht tráchtála a chur ar fáil chun tacú le cuspóirí cláir agus torthaí straitéiseacha a bhaint amach.

Maidir Leatsa
Bíodh na nithe seo a leanas ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo:
  • Céim sa tsuirbhéireacht chainníochta, san innealtóireacht, san airgeadas nó i réimse gaolmhar. 
  • Taithí ábhartha 5+ bliana ar a laghad sa bhainistíocht tráchtála.
  • Is inmhianaithe stádas cairte a bheith agat nó a bheith ag oibriú i dtreo stádas cairte a bheith agat le comhlacht ghairmiúil atá aitheanta sa tionscal m.sh. SCSI, RICS, APM, ICE. 
  • Scileanna cumarsáide, cur i láthair, idirbheartaíochta agus eagrúcháin den scoth. 
  • Cumas chun oibriú go neamhspleách agus chun oibriú le foirne ilréimsiúla, agus comhairleoirí agus conraitheoirí san áireamh. 


Dáta deiridh d’iarratais 
An 6 Samhain, 2026 
 
Tabhair faoi deara go bhfaighimid líon mór iarratas, agus d'fhéadfadh ár n‑am freagartha a bheith éagsúil toisc go ndéantar athbhreithniú cúramach ar gach iarratas. Má aontaíonn tú go mbreithneofar thú le haghaidh róil eile, d'fhéadfadh moill a bheith ar an bhfreagra a fhaigheann tú agus muid ag iarraidh a fháil amach cén ról is fearr a oireann don taithí atá agat. Is mór againn do chuid foighne.   
  

Cuirimid an luach céanna ar acmhainneacht is a chuirimid ar thaithí. Má chreideann tú gur féidir leat rath a bhaint amach sa ról seo, molaimid duit iarratas a dhéanamh, fiú mura gcomhlíonann tú gach riachtanas.  
 
Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithnímid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.  
 
Mar fhostóir comhdheiseanna, cuirimid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta. 


Senior Lead Contract Specialist 

We are at the heart of Ireland’s energy transition - connecting, operating and transforming the electricity grid to support a low carbon, renewable future. 

We are building talented teams that tackle real world challenges every day and help us to achieve our goal to prepare the grid to carry up to 80% of Ireland’s electricity from renewable sources.  

We are proud to be a certified Great Place to Work, recognised for our culture built on trust, collaboration and inclusion. At EirGrid you will find supportive teams, opportunities to grow and meaningful work. We also offer secure employment with a range of flexible and family friendly working policies to support your life and wellbeing. If you want to know more about what EirGrid has to offer you, visit
Life at EirGrid.  
If you are ready to make an impact and grow your career in a purpose-led organisation, your journey starts here.  
 
The Opportunity  
We are seeking an experienced Senior Lead Contract Specialist to play a critical role in the successful delivery of a major infrastructure programme. This is a senior position responsible for shaping and overseeing the programme's contractual and commercial strategy, ensuring that contractual arrangements effectively support programme objectives, manage risk, and deliver value. 

Working closely with programme leadership, procurement, legal, finance, and delivery teams, you will provide expert guidance on complex contractual matters, supplier relationships, commercial negotiations, and claims management. You will lead the development of contract management frameworks and governance processes, ensuring contractual compliance and consistent application of best practice across the programme. 

This role offers the opportunity to influence strategic decision-making, manage high-value contractual relationships, and contribute to the successful delivery of critical infrastructure projects with long-term impact. 
 
Key Responsibilities   
  • Lead the development and execution of programme-wide contract strategies aligned with organisational objectives. 
  • Provide strategic leadership on contractual, commercial, and risk matters across the programme lifecycle. 
  • Lead negotiations, contract amendments, claims management, and dispute resolution to protect programme interests. 
  • Ensure effective contract governance, compliance, and performance management across suppliers and delivery partners. 
  • Advise senior leadership on contractual risks, opportunities, and commercial implications of key decisions. 
  • Drive commercial outcomes through proactive contract management and value optimisation initiatives. 
  • Collaborate with Procurement, Legal, Finance, and Delivery teams to ensure consistent and effective contract execution. 
  • Foster strong relationships with key internal and external stakeholders to support successful programme delivery. 
  • Lead continuous improvement of contract management frameworks, processes, and best practices. 
  • Provide commercial leadership and oversight to support the achievement of programme objectives and strategic outcomes. 
 
About You 
Successful candidates will have: 
  • A degree in Quantity Surveying, Engineering or Finance or a related field.   
  • Minimum of 5+ years applicable experience in commercial management. 
  • Chartership or working towards one with a professional industry recognized bodies such as SCSI, RICS, APM, ICE is desirable.   
  • Excellent communication, presentation, negotiation and organisational.   
  • Ability to work independently and work with cross-functional teams including consultants and contractors.   
 
 
Closing date for applications  
6th November 2026  
  
Please note we receive a high volume of applications, and as every application is carefully reviewed our response time may vary. If you agree to be considered for other roles this may result in a delayed response as we establish the best fit for your experience. We appreciate your patience.    
 
  
We value potential as much as experience. If you believe you can succeed in this role, we encourage you to apply, even if you don’t meet every requirement.   
  
We're dedicated to diversity and inclusion at EirGrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.   
  
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process.